
Déan spreagadh d’fhostaithe a thomhas trí shuirbhé a dhéanamh
Tá sé ríthábhachtach monatóireacht a dhéanamh ar mheabhairshláinte d’fhostaithe chun go mbeidh fórsa saothair táirgiúil agus spreagtha agat. Maíonn go leor fostaithe go bhfuil imní orthu maidir le filleadh ar an obair agus strus paindéime is cúis leis sin. B’fhéidir go raibh tionchar pearsanta ag COVID-19 ar roinnt fostaithe, agus b’fhéidir go bhfuil strus ar fhostaithe eile maidir le filleadh ar an oifig tar éis míonna d’fhéinleithlisithe.
Sin é an fáth gur smaoineamh maith é na mothúcháin sin a thomhas agus aon easpa muiníne nó aon ábhar imní i measc d'fhoireann maidir le filleadh ar an obair a aithint. Is féidir an suirbhé seo a chomhlánú freisin i gcruinnithe duine le duine chun scéal níos doimhne a fháil. Leis na torthaí, beidh tú in ann spriocanna a shocrú de réir cumas reatha d’fhostaithe gan aon riosca a bheith ann go laghdófar tuilleadh an spreagadh atá acu.
Spriocanna gearrthéarmacha a shocrú
Cé go bhfuil méadú ag teacht ar rátaí vacsaínithe, ba chóir do ghnólachtaí a thuiscint go bhfuil an Eoraip fós i staid éigeandála paindéime. Toisc gur féidir cúrsaí a athrú go han-tapa thar oíche, tá sé tábhachtach go socróidh fostóirí spriocanna gearrthéarmacha dá bhfoireann (e.g. go míosúil nó go ráithiúil).
Tá an cur chuige seo tairbheach ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, trí spriocanna gearrthéarmacha a shocrú do d'fhostaithe, is féidir le do ghnólacht a bheith solúbtha i gcónaí agus cur in oiriúint go tapa maidir le hathruithe gan choinne. Agus ar an dara dul síos, cuirfidh sé seo ar chumas d’fhostaithe torthaí a bhaint amach agus aitheantas a fháil níos tapúla. Is féidir le ‘buanna tapa’ den chineál sin tionchar dearfach a imirt ar mheanma agus ar spreagadh na foirne, rud a thugann muinín dóibh as a gcumais féin.
Spriocanna stráice beaga agus réalaíocha a shocrú
Is sprioc stráice é sprioc breise a shocraíonn tú le haghaidh d’oibrithe i gcás go sáraíonn siad an sprioc tosaigh a tugadh dóibh. Cé gur bealach iontach iad seo chun do ghnólacht a choinneáil táirgiúil, is fearr gan ilspriocanna stráice uaillmhianacha a thabhairt don fhoireann go luath tar éis dóibh filleadh ar an oifig. Bíodh spriocanna stráice beaga agat ar dtús agus coinnigh iad réalaíoch chun cloíteacht luath a sheachaint. De réir mar a bhíonn cleachtadh ag d’fhostaithe leis an ualach oibre atá acu, is féidir leat na spriocanna a mhéadú de réir a chéile.
Borradh a chur faoin meanma trí spriocanna comhroinnte a úsáid
Tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh go mbíonn d’fhostaithe páirteach maidir lena spriocanna féin a shainmhíniú. Trí pháirt a thabhairt do d’fhoireann chun a spriocanna féin a shocrú, is féidir leat cabhrú leo infheistiú tuilleadh ina gcuid oibre. Ina theannta sin, cuirfidh sé sin le do thrédhearcacht mar fhostóir.
Chomh maith le páirt a ghlacadh don fhoireann maidir le spriocanna a shocrú, is féidir leat comhspriocanna a shocrú d’fhoirne éagsúla chun borradh a chur faoi obair foirne agus faoi chomhoibriú. Tar éis dóibh míonna a chaitheamh ar obair ón mbaile, b’fhéidir gur chaith d’fhostaithe nasc le cuid dá gcomhghleacaithe, mar sin is bealach iontach é seo dóibh a gcaidreamh oibre a athmhúscailt.
De réir mar a mhaolaítear srianta, tá fostaithe ag ullmhú don fhilleadh ar an áit oibre agus tá seans ann go bhfuil siad éiginnte faoin gcuma a bheidh air sin. Is iad seo a leanas na ceithre phríomhleid atá againn le haghaidh baill foirne a thabhairt ar ais ina n-áit oibre.
Naisc ghaolmhara:
Ceithre leid le haghaidh baill foirne a thabhairt ar ais ina n-áit oibre tar éis COVID-19
Léigh tuilleadh:
Laethanta Fostaíochta Eorpacha
Aimsigh Comhairleoirí EURES
Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES
Bunachar Sonraí EURES
Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí
Féilire Imeachtaí EURES
Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos
EURES ar Facebook
EURES ar Twitter
EURES ar LinkedIn
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 1 Meán Fómhair 2021
- Údair
- An tÚdarás Eorpach Saothair | Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú
- Ábhair
- Gnó / FiontraíochtNuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
- Earnáil
- Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles