Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta25 Feabhra 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

An dóigh ar féidir le fostóirí aghaidh a thabhairt ar an éagothroime inscne ar chruthaigh COVID-19 í

De bharr COVID-19, cuireadh dlús mór leis an mbogadh i dtreo socruithe solúbtha oibre. Chun oiriúnú don ‘ghnáthshaol nua’, tá cuid mhór fostóirí ag déanamh athruithe fadtéarmacha ar a straitéisí don áit oibre. Mar sin féin, tá sé tábhachtach go ndéanfadh siad breithniú freisin ar an difear a dhéanfaidh a samhail don áit oibre amach anseo do chomhionannas inscne.

How employers can address the gender imbalance created by COVID-19
Shutterstock

 

De réir tuarascála ón Airmheán Comhpháirteach Taighde le déanaí, is mó an líon ban a bhíonn ag tabhairt aire do leanaí agus do bhaill teaghlaigh eile le linn dóibh obair íoctha a dhéanamh sa bhaile le linn uaireanta oibre ná an líon fear a dhéanann amhlaidh.  Mar thoradh air sin, is lú an líon uaireanta oibre íoctha a dhéanann mná gan aon chur isteach ná an líon a dhéanann fir.

Cé go bhféadfaí an chothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú do bhanfhostaithe trí shocruithe oibre solúbtha a thairiscint dóibh, toradh eile a d’fhéadfadh a bheith air sin is ea oifigí a chur faoi cheannas ag fir. Is féidir le háit oibre a bhfuil éagothroime mhór inscne inti tionchar diúltach a imirt ar dhinimic shóisialta an chaidrimh foirne. D’fhéadfadh sí difear a dhéanamh freisin do chinntí maidir le cé na fostaithe a fhaigheann obair agus cén cineál oibre a fhaigheann siad agus maidir le cé na fostaithe a gcloistear a dtuairimí – d’fhéadfadh fostaithe a chaitheann níos mó ama san oifig cóir a fháil óna mbainisteoirí atá níos fabhraí ná an chóir a fhaigheann fostaithe a oibríonn sa bhaile.

De réir mar a thagann samhlacha oibre níos measctha chun cinn, is gá do ghnólachtaí bearta réamhghníomhacha a dhéanamh chun an méid sin a bhainistiú. D’ullmhaíomar thíos roinnt leideanna ar féidir le fostóirí iad a leanúint ar mhaithe le cothromaíocht inscne níos fearr a bhaint amach san áit oibre.

Tá socruithe solúbtha oibre oiriúnach do chách

Cuir d’fhostaithe ar an eolas go bhfuil socruithe solúbtha oibre oiriúnach do chách, beag beann ar inscne, ar aois agus ar fhreagrachtaí cúraim. Trí bheartas soiléir a chur i bhfeidhm maidir le socruithe oibre solúbtha do chuideachta, ba cheart go gcabhrófaí leat neamh-chomhionannas a laghdú.

Is féidir le fostaithe sinsearacha a bheith ina n-eiseamláir

Tá míthuiscint choiteann ann go fóill gur luachmhaire obair a dhéantar san oifig ná obair a dhéantar sa bhaile. Taispeáin do d’fhostaithe gur féidir na róil is tábhachtaí, fiú, a dhéanamh go solúbtha agus tabhair spreagadh do d’fhostaithe sinsearacha obair sa bhaile.

Tomhais sainroghanna pearsanta d’fhostaithe

Déanann a lán cuideachtaí suirbhé ar a bhfostaithe chun freastal ar shainroghanna pearsanta agus imthosca aonair. Is deis mhaith é sin chun faireachán a dhéanamh ar chothromaíocht inscne na ndaoine sin ar mian leo filleadh ar an oifig.

Cuir oiliúint ar do bhainisteoirí

I gcás a lán ceannairí, is cúram dúshlánach nua go fóill é bainistiú a dhéanamh ar fhoirne daoine atá lonnaithe i láithreacha difriúla. Áirithigh go sealbhaíonn do bhainisteoirí na scileanna agus na huirlisí a theastaíonn chun foirne a bhainistiú i samhail mheasctha oibre.

Coinnigh cainéil chumarsáide ar oscailt

Is gá cumarsáid chomhsheasmhach a choinneáil ar bun le gach fostaí, is cuma cén áit a bhfuil siad lonnaithe. Áirithigh gur mar chroíchuid den fhoireann a chaitear leo sin a roghnaigh obair sa bhaile agus go gcoinnítear na daoine sin ar an eolas faoi na forbairtí uile sa chuideachta.

Coinnigh solúbtha

Cé go bhfuil sé deacair a thuar go fóill cén difear a dhéanfaidh paindéim leantach COVID-19 dúinn sa todhchaí, is dóigh go dtiocfaidh athrú ar riachtanais d’fhostaithe. Déan faireachán ar na hathruithe sin trí shuirbhéanna tréimhsiúla a sheoladh agus áirithigh go bhfuil beartais do chuideachta ar aon dul leis na spriocanna atá aici ó thaobh éagsúlachta agus cuimsithe de.

Cén bealach is fearr chun earcaigh idirnáisiúnta nua a chomhtháthú isteach i d’eagraíocht agus iad i bhfad uaithi?  Tá roinnt leideanna praiticiúla againn chun cabhrú leat.

 

Naisc ghaolmhara:

Cén difear a dhéanfaidh géarchéim COVID-19 don deighilt inscne atá ann cheana san Eoraip?

Na leideanna is fearr le haghaidh fostaithe idirnáisiúnta nua a thabhairt ar bord

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Drop’pin@EURES

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
Gnó / FiontraíochtLeideanna agus MoltaíNuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachtaTreochtaí earcaíochta
Earnáil
Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.