Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta13 Deireadh Fómhair 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

An chaoi a bhfuil earcaíocht athraithe ó bhonn de bharr COVID-19

Agus rátaí vacsaínithe COVID-19 ag ardú go seasta, tá an Eoraip ag filleadh ar an ngnáthshaol de réir a chéile. Mar sin féin, tá athrú as cuimse tagtha ar shaol na hoibre de bharr na paindéime, go háirithe i dtaobh earcaíochta agus fruilithe. Seo a leanas roinnt de na hathruithe sin a cheapaimid a bheidh linn go deo.

How COVID-19 has fundamentally changed recruitment
EURES

Tá agallaimh phoist fhíorúla ina ngnás anois

Roimh an bpaindéim, níor úsáid an chuid ba mhó de chuideachtaí agallaimh phoist fhíorúla ach amháin mar rogha dheireanach. Measadh agallaimh aghaidh ar aghaidh a bheith ar an ngnás ab fhearr sa mhéid is go mbíodh roinnt earcaitheoirí ag iarraidh agallamh a athsceidealú nó a chur ar ceal ná é a dhéanamh ar líne roimhe seo. Anois, tuigeann go leor fostóirí nach amháin go bhfuil an earcaíocht fhíorúil níos éifeachtaí ach gurb é sin an bealach chun cinn. Sábhálann agallaimh phoist ar líne (nó agallaimh a mbíonn gnéithe fíorúla mar chuid díobh) an-chuid ama agus roinnt airgid don fhostóir agus don iarrthóir araon, agus fágann siad go mbíonn an próiseas earcaíochta tapúil agus éifeachtúil.

Níl an suíomh poist ina fhachtóir cinntitheach a thuilleadh

Agus go leor gnólachtaí i mbun beartas oibre solúbtha a ghlacadh, níl earcaitheoirí teoranta ag suíomh na cuideachta a thuilleadh. Tá rochtain anois ag gníomhairí fruilithe ar líon i bhfad níos leithne iarrthóirí. Ar thaobh amháin de, ciallaíonn sin go dtéann níos mó cuardaitheoirí poist san iomaíocht don phost céanna, ach ar an taobh eile de, ligeann sé do lucht earcaíochta an t-iarrthóir foirfe a aimsiú don fhostóir.

Tá athrú éilimh sa mhargadh saothair

Tá an éiginnteacht i dtaca leis an bpaindéim tar éis fainic a chur ar dhaoine faoi bheith ag obair i gcuideachtaí nach bhfuil seanbhunaithe agus faoi bheith ag obair in earnálacha ardriosca. Is mó seans anois go gcuirfidh iarratasóirí isteach ar phoist i gcuideachtaí níos mó agus níos cobhsaí agus atá in ann slándáil post a sholáthar. Ina theannta sin, cé go bhfuil tionchar  tubaisteach tar éis a bheith ag COVID-19 ar earnálacha áirithe, amhail earnalácha an fháilteachais agus na siamsaíochta, bhí an-chuid earnálacha in ann tairbhe a bhaint as, ar nós earnáil TF, a bhfuil borradh faoi líon na n-iarratasóirí atá ag cur isteach ar phoist inti anois chomh maith.

Ní mór do chuideachtaí cuardaitheoirí poist a mhealladh

Toisc go bhfuil gnólachtaí ag teacht chucu féin go mall ón bpaindéim, tá tús curtha acu le hearcú arís, rud a chiallaíonn go bhfuil níos mó roghanna ag iarrthóirí ina gcuardach poist. Chun go mbeidh cuideachtaí in ann seasamh amach, ní mór dóibh iad féin a ‘dhíol’ go gníomhach le cuardaitheoirí poist trí phíceanna ábhartha a thairiscint, amhail pacáistí solúbtha oibre, sláinte agus folláine, agus beartais saoire breoiteachta nuair is gá d’fhostaithe aire a thabhairt do bhall teaghlaigh atá tinn. Beidh an chianobair linn go deo, agus ní féidir le fostóirí a bheith ag brath a thuilleadh ar chuardaitheoirí poist a mhealladh a bhfuil oifig mhaisiúil nó seomra áineasa saghas ait acu – ina ionad sin ní mór dóibh a thaispeáint conas a thabharfaidh siad aire dá bhfoireann.

Mar thoradh ar an bpaindéim, tá athrú tagtha freisin ar na cineálacha scileanna atá ag teastáil ó chuideachtaí i dtaobh na n-iarratasóirí atá á lorg acu. Sin an fáth a bhfuil roinnt ceisteanna COVID-19 ullmhaithe againn chun cabhrú le fostóirí an t-iarrthóir is fearr a roghnú.
 

Naisc ghaolmhara:

Na 9 gceist is fearr i ndáil le COVID-19 ba chóir d’fhostóirí a chur ar iarrthóirí ag agallaimh phoist

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.