Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta2 Meitheamh 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Conas a bheith i do dhea-fhostóir

Le cultúr oibre dearfach a chruthú is féidir fostaithe atá ann cheana a choinneáil, agus cinn nua a mhealladh freisin. Más mian leat seasamh amach mar dhea-fhostóir i measc d’iomaitheoirí, ba chóir duit smaoineamh ar na cáilíochtaí seo a bhfuil an-tóir orthu ag fostaithe.

How to be a great employer
How to be a great employer

Próiseas furasta earcaíochta

Tá an chéad imprisean thar a bheith tábhachtach. Cuimhnigh ar do thaithí féin de bheith ag dul trí phróiseas earcaíochta. Is féidir leis a bheith fadálach, mearbhlach agus coscrach in amanna. Déan próiseas níos fusa de do na hiarrthóirí trí bheith trédhearcach faoi na riachtanais scileanna agus faoin tuarastal a ghabhann leis an ról ó thús, agus coinnigh ar an eolas iad ar fud an phróisis earcaíochta le haiseolas mionsonraithe, atá cuiditheach, a chur ar fáil dóibh siúd nach n-éiríonn leo. A bhuíochas den teicneolaíocht agus den idirlíon, tá sé sin níos éasca ná riamh.

Pá cóir agus sochair bhreise

Cuir ar fáil tuarastail atá ag teacht le rátaí an mhargaidh nó os a chionn mar aon le pacáiste cuimsitheach sochar fostaí ina n-áirítear, nuair is ábhartha, árachas sláinte agus saoire le pá. Ní hamháin go dtabharfaidh sé sin deis don fhoireann caighdeán saoil níos fearr a bheith acu, ach léireoidh sé freisin dóibh go bhfuil aird agus meas agat ar a gcuid oibre crua.

Aitheantas agus luach saothair

Tabhair aiseolas rialta d’fhostaithe faoin gcaoi a gcomhlíonann siad a ndualgais, lena n-áirítear a gcuid éachtaí mar aon leis na réimsí ar bhfuil feabhas de dhíth. Nuair a éiríonn go han-mhaith ar fad le fostaí ar shlí éigin, cuir do mheas in iúl dóibh agus déan é a aithint ar bhealach atá dírithe ar an méid atá bainte amach acu, agus bain úsáid as sin chun an iompraíocht dhearfach inmhianaithe a threisiú. Os a choinne sin, nuair a bhíonn saincheisteanna i gceist leis an gcaoi ar fheidhmigh fostaí éigin, bíodh cur chuige discréideach agus íogair agat leo, agus bí réidh chun éisteacht lena dtuiscint ar an scéal.

Deiseanna rialta le haghaidh forbartha gairme

Bí trédhearcach faoi na critéir nach mór d’fhostaithe a chomhlíonadh chun ardú céime nó chun méadú ar an bpá a fháil, agus cuir deiseanna oiliúna rialta inmheánacha agus seachtracha atá ábhartha maidir lena mianta gairme ar fáil dóibh. Cuirfidh sé sin ar a gcumas a bhforbairt phearsanta féin a shaothrú go gníomhach laistigh den chuideachta, gan iad a bheith ag lorg deiseanna fáis in áiteanna eile.

Gníomhaíochtaí spraíúla neartaithe foirniúlachta agus laethanta as oifig

Eagraigh gníomhaíochtaí neartaithe foirniúlachta agus laethanta as oifig chun deis a thabhairt d’fhostaithe spraoi a bheith acu, a scíth a ligean agus teagmháil a dhéanamh lena chéile ar leibhéal níos pearsanta. Is féidir leis sin cur leis an teanntás i measc na foirne agus cabhrú leo oibriú le chéile ar bhealach níos éifeachtaí, chomh maith le spreagadh a thabhairt dóibh chun bheith ag smaoineamh as an nua.

Trédhearcacht faoin ionchas gnó

Trédhearcacht a chothú idir ceannairí gnó agus fostaithe maidir le staid airgeadais an ghnó faoi láthair, agus an tionchar, más ann dó, a bheidh aige orthu. Nuair nach gá d’fhostaithe a bheith buartha faoina bpost a chailleadh, is féidir leo díriú ar a gcuid oibre ar bhealach níos éifeachtaí.

Fáilte a chur roimh aiseolas

Baill foirne a spreagadh chun moltaí a dhéanamh, táirgí nua nó nuálaíochtaí seirbhíse a mheas, fónamh ar choistí fostaithe (tionscnaimh agus imeachtaí oibre pleanála), agus ionchur a sholáthar maidir le próisis a mbíonn tionchar acu orthu. Éist lena ndearcthaí, déan iarracht iad a thuiscint, a urramú agus a admháil, gan a bheith dímheasúil. Cabhróidh sé sin le muinín a thógáil agus muintearas a ghiniúint, mar go mbeidh an fhoireann in ann cur le fíorathruithe laistigh den ghnó, gan eagla a bheith orthu ar achasán.

Cuimsitheacht (le cur chuige neamhfhulaingthe i dtaca leis an mbulaíocht)

Déan machnamh ar na bealaí ar a bhféadfá freastal ar riachtanais lucht saothair éagsúil ar shlí níos fearr. An bhféadfá rampa a thógáil san oifig d’fhostaithe atá faoi chois ag an mbeagluaineacht, mar shampla, nó tacaíocht bhreise a thabhairt do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu? An bhfuil cultúr do chuideachta mealltach do dhaoine de chreidimh éagsúla, agus an bhfuil próiseas soiléir chun drochíde nó bulaíocht a thuairisciú? Trí fheasacht a chothú ar riachtanais éagsúla daoine aonair agus guth a thabhairt dóibh labhairt amach nuair nach bhfuil rudaí i gceart, is féidir leat cabhrú le go mbraithfidís sábháilte agus mar a bhfuil fáilte rompu agus meas agat orthu.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas cultúr dearfach san ionad oibre a chruthú, féach ar ár n-alt maidir le Conas folláine a chothú i measc fostaithe tar éis COVID-19.

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
Gnó / FiontraíochtLeideanna agus MoltaíTreochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
Leideanna agus Moltaí
Earnáil
Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.