Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta19 Bealtaine 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Ceithre leid le haghaidh baill foirne a thabhairt ar ais san áit oibre tar éis phaindéim COVID-19

Le linn na paindéime, d’oibrigh a lán daoine óna mbaile féin. De réir mar a mhaolaítear srianta, áfach, tá fostaithe ag ullmhú don fhilleadh ar an áit oibre agus tá seans ann go bhfuil siad éiginnte faoin gcuma a bheidh air sin. Is iad seo a leanas na ceithre phríomhleid atá againn le haghaidh baill foirne a thabhairt ar ais ina n-áit oibre.

Four tips for welcoming staff back into a post-COVID-19 workplace
EURES

​​​​​​​1. Cuir do bhaill foirne ar an eolas faoin méid a tharlóidh

Tá seans ann go bhfuil a lán ceisteanna ag do bhaill foirne faoi fhilleadh ar an áit oibre tar éis na paindéime agus faoi cén uair agus conas a tharlóidh sé sin. Mar fhostóir, is féidir leat an próiseas a dhéanamh níos éasca agus níos compordaí do d’fhostaithe trí do chuid pleananna a chur in iúl dóibh sula bhfillfidh siad ar an áit oibre. Ar an mbealach sin, beidh a fhios acu go díreach cad a tharlóidh an chéad lá a bheidh siad ar ais.

Tairbheoidh do bhaill foirne de bheith ar an eolas faoi cén uair a athosclófar oifigí na cuideachta agus faoi cé na rialacha nua a bheidh i bhfeidhm maidir le scaradh sóisialta agus maidir le húsáid saoráidí. Tríd an oiread faisnéise agus is féidir a sholáthar faoi cad a tharlóidh ar theacht isteach dóibh (i.e. an fháil ar vacsaíní, ar mhaisc aghaidhe agus ar dhíghalrán), cabhrófar le fostaithe fáil réidh le haon imní atá orthu faoi fhilleadh ar an áit oibre agus cabhrófar lena áirithiú go gcloífear leis na rialacha nua.

2. Déan áit shábháilte den timpeallacht oibre

Cuireadh leis an bhfeasacht atá againn ar an tsláinte agus an tsábháilteacht mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte. Ós rud é go mbíonn ollmhargaí ag tabhairt spreagadh do gach custaiméir a lámha agus a dtralaí a dhíghalrú ag an doras, beidh fostaithe ag súil leis go gcuirfidh a gcuideachta bearta den chineál céanna chun feidhme. Trína léiriú go soiléir cén áit ar féidir le baill foirne teacht ar stáisiúin sláinteachais (agus conas ba cheart iad a úsáid) agus ar na rialacha agus na rialacháin nua, braithfidh siad sábháilte nuair a fhágfaidh siad an baile agus, dá bhrí sin, beidh seans níos fearr ann go bhfágfaidh siad a n-oifig bhaile agus go bhfillfidh siad ar an áit oibre. Agus an méid sin á dhéanamh, ba cheart a chur in iúl dóibh conas ba cheart seomraí cruinnithe, caifitéirí, ardaitheoirí agus limistéir chomhroinnte eile a úsáid.

Trí scagadh agus seiceálacha teochta a dhéanamh mar ghnáthamh, ní hé amháin go n-áiritheofar go mbeidh an áit oibre sábháilte, ach léireofar do bhaill foirne freisin go mbíonn bearta á ndéanamh chun iad a chosaint.

3. Smaoinigh ar fhilleadh agaithe a dhéanamh ar an áit oibre

Tar éis dóibh roinnt míonna a chaitheamh ag déanamh cumarsáid ar líne agus ag obair i gcúinne ciúin den teach, d’fhéadfadh filleadh tobann ar oifig nó monarcha ghnóthach an ceann is fearr a fháil ar fhostaithe. Cé gur féidir go mbeidh roinnt fostaithe ag tnúth go mór leis an bhfilleadh ar an áit oibre, is féidir go dteastóidh tuilleadh ama ó fhostaithe eile chun dul i dtaithí ar an staid, a d’fhéadfadh bheith an-difriúil leis an áit a raibh siad ag obair sa bhaile.

Má thugtar tacaíocht éifeachtach d’fhostaithe le linn an aistrithe ar ais chuig an áit oibre, cabhrófar leis na dúshláin sin a íoslaghdú. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an tacaíocht sin filleadh agaithe a dhéanamh ar an áit oibre – áit a leanfaidh daoine orthu ag obair ón mbaile cúpla lá in aghaidh na seachtaine don chéad chúpla seachtain ionas gur féidir leo dul i dtaithí an athuair ar an timpeallacht dhifriúil oibre de réir a chéile.

4. Déan measúnú ar chórais tacaíochta d’eagraíochta agus tabhair cothrom le dáta iad

Bhí paindéim COVID-19 dúshlánach do chuid mhór daoine ar bhealaí difriúla. Tá sé tábhachtach an méid sin a aithint agus tá sé tábhachtach a sheiceáil go gcuireann an lucht acmhainní daonna é sin san áireamh sa chóras atá ar bun aige agus sa tacaíocht atá ar fáil uaidh agus go dtairgeann sé tacaíocht iomchuí.

Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin a áirithiú go bhfuil líne chabhrach nó seoladh ríomhphoist rúnda ar fáil d’fhostaithe, rud ar féidir leo dul i dteagmháil leis má bhíonn aon ábhair imní acu faoi thaisteal chun na hoibre arís. Rud eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis is ea beartais sholúbtha oibre a thabhairt cothrom le dáta chun cur ar chumas ball foirne leanúint leis na gnáthaimh oibre atá acu le bliain anuas nó freagrachtaí cúram leanaí a chur i gcrích faoi mar a chuir siad i gcrích iad le linn na paindéime.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thionchar na paindéime ar shaol na hoibre, féach an t-alt uainn dar teideal Ceithre earnáil fostaíochta a bhfuil an-éileamh orthu mar thoradh ar phaindéim COVID-19.

 

Naisc ghaolmhara:

Ceithre earnáil fostaíochta a bhfuil an-éileamh orthu mar thoradh ar phaindéim COVID-19

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.