Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta17 Meán Fómhair 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Cúig rud a rinne cuideachtaí le linn na paindéime atá ina gcuid den saol anois

Athraíodh an chaoi agus an áit a mbímid ag obair gan choinne nuair a tháinig paindéim COVID —19 ar an saol go luath in 2020. Breathnóimid ar cé acu de na hathruithe sin a bheidh fós ann nuair a chuirfear deireadh leis na srianta go léir.

Five things companies did in the pandemic that are here to stay
EURES

Cianobair

Agus sinn ag obair ón mbaile, cuirtear deireadh leis an turas chun na hoibre chomh maith leis an ngá atá le spásanna oifige comhroinnte, rud a shábhálann am agus airgead d’fhostóirí agus d’fhostaithe araon. Agus uaireanta fada sáinnithe sa trácht á seachaint acu, bíonn níos mó ama ag fostaithe chun rudaí a mbaineann siad taitneamh astu a dhéanamh agus, dá bhrí sin, laghdaítear costais iompair. Ag an am céanna, d’fhéadfadh laghdú ar spásanna oifige nó fáil réidh leo ar fad méid suntasach airgid a shábháil do chuideachtaí, rud a d’fhágfadh go mbeadh an-tóir ar an smaoineamh i measc na foirne ach a chiallódh freisin go mbeadh brabús mór ag baint leis.

Cruinnithe agus imeachtaí fíorúla

Ceann de na chéad athruithe a mba chúis leis an bpaindéim ná na cruinnithe aghaidh ar aghaidh go léir a bheith curtha ar ceal. Ina ionad sin, d’iompaigh gnólachtaí chuig ardáin éagsúla ar líne, amhail Zoom agus Microsoft Teams, leis an aidhm cruinnithe agus imeachtaí a reáchtáil chun a chinntiú go leanfaí d’idirghníomhaíochtaí grúpa a bheith ann. Chuir an t-athrú sin ar chumas na ndaoine a bhí ag obair ón mbaile páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh lena gcomhghleacaithe. Lena chois sin, tharla go bhféadfadh níos mó daoine freastal ar na seisiúin ar líne mar nach raibh gá leo a bheith ar an láthair ag am ar leith a thuilleadh. Le himeacht ama, d’éirigh cruinnithe níos giorra agus níos rialta mar thoradh ar an bpaindéim, laghdaíodh na costais taistil do gach duine lenar bhain roimhe sin agus fuair fostaithe níos mó ama chun díriú isteach ar a gcuid cúraimí eile.

Uaireanta oibre solúbtha

Ós rud é go raibh roinnt ball foirne i mbun an chothromaíocht cheart a fháil idir freagrachtaí cúraim leanaí agus timpeallachtaí oibre éagsúla le linn na paindéime, bhí an-tóir i rith an ama ar obair sholúbtha ar fud na hEorpa. Tá sé léirithe go méadaíonn an táirgiúlacht chomh maith leis an gcothromaíocht oibre is saoil trí uaireanta oibre a choigeartú chun freastal ar ghealltanais éagsúla agus ar stíleanna maireachtála éagsúla. I gcás cuideachtaí áirithe ar fud an domhain, nuair a cuireadh an cheist ar bhaill foirne i suirbhéanna éagsúla maidir le COVID-19, dúirt siad lena bhfostóirí gur bhraith siad gur cothaíodh nó gur feabhsaíodh a gcuid oibre trí bheartais oibre solúbtha nua.

Earcaíocht dhigiteach

Chun cloí le raon srianta COVID-19, rinne cuideachtaí ar fud an domhain a modhanna earcaíochta a choigeartú chun leanúint de bheith ag glacadh le foireann nua le linn na paindéime domhanda. D’fhág sin go ndearnadh aistriú chuig ‘fruiliú fíorúil’, ar próiseas é ina gcuirtear iarrthóirí faoi agallamh trí úsáid a bhaint as ardáin, as trialacha agus as suirbhéanna ar líne chun na daoine is fearr a oireann don fhoireann a aithint. Tá sé léirithe go bhfuil próisis earcaíochta digiteacha (ar a dtugtar ríomh-earcaíocht freisin) éifeachtúil agus éifeachtach ó thaobh costais de, rud a fhágann go bhfuil na ranna AD díograiseach maidir le leanúint de na modhanna agus de na huirlisí nua sin a úsáid.

Oiliúint ar líne

Go traidisiúnta, ba í an oiliúint phearsanta an bealach ba choitianta chun baill foirne nua a ionduchtú agus chun scileanna a chur ar an bhfoireann atá ann cheana. Is minic a bhí i gceist leis sin cuireadh a thabhairt do shaineolaí sonrach taisteal chuig áit ar leith nó iarraidh ar phiaraí cuir i láthair a chruthú chun a gcuid eolais a roinnt le seomra lán de chomhghleacaithe. Mar sin féin, ó bhí an phaindéim ann, tá borradh faoin oiliúint ar líne, rud a fhágann go bhfuil rochtain níos fearr ag an bhfoireann ar shaineolaithe. Tugann sé sin deis do níos mó daoine freastal ar sheisiúin oiliúna agus sábháiltear sa chaoi an t-am a chaithfeadh siad ag bogadh timpeall fhoirgnimh na hoifige. Tá deiseanna foghlama ann do gach gnólacht anois agus iad in ann freastal ar sheisiúin oiliúna ó áit ar bith ar domhan.

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le maireachtáil i ndomhan iar-COVID-19, féach Conas agallamh poist rathúil ar líne a eagrú.

 

Naisc ghaolmhara:

Zoom

Microsoft Teams

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.