Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta22 Meitheamh 2021An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Cúig chúis ar féidir le foghlaim teanga cur lena infhostaithe atá tú

Is féidir leis an gcumas chun teanga iasachta a labhairt cabhrú leat seasamh amach sa mhargadh saothair agus aird earcaitheoirí a mhealladh. Ní hé amháin go gcuireann an dátheangachas cuma mhaith ar do CV, ach forbraíonn sé scileanna eile atá tarraingteach d’fhostóirí freisin.

Five reasons why learning a language can boost your employability
Unsplash

Scil a bhfuil an-éileamh uirthi

A bhuí leis an idirlíon, tá sé níos éasca anois ná riamh do chuideachtaí trádáil ar mhargaí idirnáisiúnta. Ós rud é go mbíonn a lán gnólachtaí beaga ag dul i bhfeidhm ar chustaiméirí agus comhpháirtithe idirnáisiúnta, teastaíonn ó líon méadaitheach tairiscintí poist an cumas chun dara teanga a labhairt. Mar sin, is cuma cé acu atá tú ar lorg poist i gcorparáid mhór nó i gcuideachta bheag, is dóigh go dteastóidh teanga iasachta amháin ar a laghad uait.

Seas amach ón slua

Bíonn an margadh saothair an-iomaíoch, áit a bhfaigheann na tairiscintí poist is tarraingtí na céadta iarratas agus, in amanna, na mílte iarratas. Is féidir leis an gcumas chun dara teanga nó tríú teanga a labhairt cabhrú leat seasamh amach ón slua, go háirithe i gcás ina bhfuil do chuid taithí agus cáilíochtaí cosúil leo sin atá ag iarrthóirí eile. Déan cinnte de go léirítear do scileanna teanga go soiléir ar do CV chun nach ndéanfar dearmad orthu.

Agus 35% d’Eorpaigh idir 25 bliana d’aois agus 64 bliana d’aois dátheangach anois, d’fhéadfaí a rá freisin nach uathúil an rud é a thuilleadh an cumas chun dhá theanga a labhairt agus gur cheart do chuardaitheoirí poist féachaint le dara teanga iasachta a fhoghlaim chun seasamh amach.

Tuarastal níos airde

Tríd is tríd, is airde pá a fhaigheann fostaithe a bhfuil teanga iasachta acu ná fostaithe nach bhfuil ach teanga amháin acu. Tugtar le tuiscint i staidéar gur féidir leis an gcumas chun dara teanga a labhairt idir 11% agus 35% a chur le do thuarastal, ag brath ar an teanga agus ar an tír ina bhfuil tú lonnaithe. Ós rud é gur mó an líon daoine a labhraíonn an Spáinnis mar dhara teanga sa Fhrainc ná an líon atá ann sa Laitvia, mar shampla, níorbh ionann an t-éileamh ar an Spáinnis don dá thír sin.

Tuilleadh deiseanna fostaíochta

Is féidir leis an gcumas chun dhá theanga nó níos mó a labhairt margadh fostaíochta nua ar fad a oscailt suas duit. Ní gá do dhaoine athlonnú a thuilleadh chun obair do chuideachta eachtrach. Mar gheall ar an méadú ar an obair ón mbaile a tháinig as paindéim COVID-19, is mó anois ná riamh an líon cuideachtaí atá sásta oibrithe cianda a fhostú. Mar sin, ní hé amháin gur féidir leat spriocdhíriú ar phoist óna dteastaíonn na teangacha atá agat, ach is féidir leat spriocdhíriú ar mhargaí fostaíochta i dtíortha na dteangacha sin freisin. Tá tairseacha post idirnáisiúnta amhail EURES ar an áit is fearr chun do chuardach a thosú.

Cuireann an dátheangachas le scileanna eile

Tugtar le tuiscint i dtaighde gurb amhlaidh, i gcomparáid le daoine eile, go bhfuil cumas níos fearr ag daoine a bhfuil teanga iasachta amháin nó níos mó acu fadhbanna a réiteach agus go bhfuil siad níos cruthaithí agus níos comhbháiche. Tá réiteach fadhbanna, cruthaitheacht agus comhbhá ina scileanna boga luachmhara ar mhór ag aon fhostóir iad. Áitítear freisin gurb amhlaidh, i gcomparáid le daoine eile, gur ag daoine dátheangacha agus ilteangacha atá intinn níos oscailte i leith dearcthaí daoine eile agus atá cumas níos fearr chun ceangail idirphearsanta a bhunú. Is scileanna iontacha iad sin, go háirithe i réimsí amhail seirbhís do chustaiméirí agus caidreamh gnó.

Ar mhaith leat do scileanna teanga a chleachtadh agus do chuid eolais a athnuachan?  Caith súil ar na huirlisí foghlama teanga saor in aisce seo chun cabhrú leat uas-sciliú ón mbaile.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

EURES: Aimsigh post san Eoraip

San Eoraip, is pribhléid é go fóill an cumas chun níos mó ná teanga amháin a labhairt

De réir taighde, tá daoine dátheangacha níos cliste, níos cruthaithí agus níos comhbháiche ná daoine eile

An phréimh tuarastail a ghabhann le scileanna teanga iasachta

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.