Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta11 Bealtaine 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Cúig phost samhraidh a mbíonn an-tóir orthu, san am i láthair agus san am a d’imigh thart

Bealach maith iad poist shéasúracha chun taithí a fháil, chun airgead a thuilleamh, agus chun taisteal, rud a fhágann go mbíonn siad an-oiriúnach do dhaoine óga. Lean ort ag léamh chun a fháil amach conas mar atá an obair shéasúrach tar éis athrú le 10 mbliana anuas.

Five popular summer jobs, then and now

Tréimhsí oiliúna

Bhíodh ról ag daoine faoi oiliúint in oifigí riamh. Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, áfach, dúnadh formhór na n-oifigí agus cuireadh iallach orthu feabhas a chur ar a gcumas chun an obair a chur i gcrích ó chian go sciobtha. Cuireadh an-chuid tréimhsí oiliúna ar ceal dá barr, rud a d’fhág nach raibh siad in ann taithí a fháil san ionad oibre chun feabhas a chur a n-infhostaitheacht a fheabhsú san ionad oibre.

Próiseas deacair a bhí ann tréimhse oiliúna a bhaint amach le linn na paindéime ach, ar an dea-uair, tá tréimhsí oiliúna ag dul i méid arís. Ós rud é gur chuir an oiread sin cuideachtaí feabhas ar a gcuid socruithe oibre hibrideacha agus cianoibre, b’fhéidir go mbeadh siad ní ba choitianta agus ní ba tharraingtí ná riamh. Anois, agus ríomhaire glúine faoi réir acu, is féidir le daoine faoi oiliúint obair a chur i gcrích ceachtar ón mbaile nó ó dheasc shealaíochta san oifig. Mar thoradh air sin, bíonn tréimhsí oiliúna níos inrochtana agus níos solúbtha ná riamh.

Tarrtháil

Ní haon mhagadh é an post seo agus bíonn gá le gardaí tarrthála i gcónaí. Baineann go leor buntáistí leis, go háirithe agus an samhradh ag teannadh linn. Le blianta fada, bhí gardaí tarrthála tábhachtach agus bhíodh éileamh orthu le linn an tsamhraidh ach, ó tháinig deireadh leis an bpaindéim, is fíor an méid sin fós de réir mar a fhilleann daoine ar ais ar thránna agus ar linnte snámha ar fud na hEorpa.

Cuireann cáilíocht garda tarrthála deis ar fáil duit eispéiris spreagúla a bheith agat mar aon leis an bhféidearthacht dul ag obair fud fad na hEorpa. Cibé an gcuirtear chuig cósta fuar nó chuig trá ghainmheach thú a bhuí léi, is minic a bhíonn post mar gharda tarrthála sealadach, rud a fhágann gur foirfe an post séasúrach é.

Ar mhaith leat folúntais reatha garda tarrthála ar fud na hEorpa a fheiceáil? Caith súil orthu anseo.

Fáilteachas

Glacann go leor daoine óga poist mar fhreastalaithe beáir nó mar fhriothálaithe le linn an tsamhraidh nuair nach mbíonn siad ar an gcoláiste ná ar an ollscoil. D’fhéadfaí cuma shoiléir a bheith air, ach bíonn an-ráchairt ar na poist sin i gcónaí agus bealach iontach atá iontu snas agus blas a chur ar do CV agus roinnt airgid a dhéanamh.

Siamsóirí saoire agus tionchairí

Post samhraidh clasaiceach é a bheith i do shiamsóir in ionaid saoire atá dírithe ar dhaoine óga, agus is éard a bhíonn i gceist leis siamsaíocht atá oiriúnach do theaghlaigh a chur ar fáil don lucht saoire. Le deich mbliana anuas, tá na cineálacha post sin ag dul i léig, go háirithe agus iad buailte go dona iad ag an bpaindéim. Cé nach bhfuil sé chomh coitianta is a bhí sé uair amháin a bheith i do shiamsóir, tá pacáistí ionaid saoire fós ar fáil, rud a chiallaíonn gur fiú go fóill smaoineamh ar an rogha seo.

In áit a bheith i do shiamsóir in ionaid óstáin, baineann níos mó agus níos mó daoine óga úsáid as an tionchar a bhíonn acu ar na meáin shóisialta chun saoire ghearr a chur chun cinn dá lucht leanúna. Tá borradh faoin bhfoirm nua shiamsaíochta urraithe seo le deich mbliana anuas le teacht chun cinn na mórchomhlachtaí meáin shóisialta cosúil le Instagram agus TikTok. Tá post nua cruthaithe ag an gcumas a bhíonn ag brandaí saoire chun tionchar a imirt agus chun laethanta saoire a chur chun cinn, agus tá seans ann go rachaidh sé i bhfeidhm ortsa go fiú le haghaidh na chéad saoire eile a bheidh agat!

Tiomáint seachadta

Cé nach aon ní as an nua é an seachadadh mearbhia, is coitianta anois an tiomáint seachadta mar phost d’an-chuid daoine a bhuí le teacht ar an bhfód na n-aipeanna ordaithe mearbhia – go háirithe nuair a fhéachtar siar deich mbliana. San am a d’imigh thart, chuireadh daoine glaoch ar an mbialann chun bia a ordú, nó bhailídís ag an mbialann é go fiú.

Mar sin féin, tá daoine ag dul i muinín na n-aipeanna seachadta anois, rud a fhágann go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtiománaithe seachadta a theastaíonn chun folúntais sa mhargadh fostaíochta a líonadh. D’fhéadfadh sé seo a bheith tarraingteach do dhaoine óga atá díreach tar éis tiomáint a fhoghlaim, nó dóibh siúd ar mian leo roinnt airgid a dhéanamh idir téarmaí agus iad ar scoil nó ar an ollscoil.

Bíonn fáil ar phost mar thiománaí seachadta i mbeagnach gach áit, agus cuirtear deis ar fáil leis bealach solúbtha chun airgead a dhéanamh. Ní hamháin go bhfuil athrú tagtha ar an margadh fostaíochta thar na blianta, ach tá tréithe an lucht saothair athraithe ó bhonn leis.

An spéis leat tuilleadh a fháil amach conas is féidir leis sin difear a dhéanamh do dhinimicí san ionad oibre? Amharc ar ár n-alt ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir Mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z san ionad oibre.

 

Naisc ghaolmhara:

Mílaoisigh agus lucht Ghlúin Z san ionad oibre: cosúlachtaí agus difríochtaí

Folúntais do ghardaí tarrthála in AE

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.