Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta9 Feabhra 2023An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

Cúig phost gairme a bhfuil éileamh orthu le haghaidh 2023

Bíonn go leor daoine den tuairim go dteastaíonn céim ollscoile uathu chun post maith a fháil a bhfuil pá fiúntach ag dul leis ach ní fíor sin i gcónaí. Sa domhan seo a bhíonn ag athrú agus ag forbairt i gcónaí, is mór ag fostóirí scileanna praiticiúla gairme. Seo cúig phost gairme a bhfuil éileamh orthu in 2023.

Five in-demand vocational jobs for 2023

1. Oibreoir meaisín

Tá earnáil na tógála ag fás go tapa, go háirithe agus í ag iarraidh a bheith níos glaise agus níos inbhuanaithe. Tá Cedefop, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna, ag súil go mbeidh an-éileamh ar oibrithe tógála, ar oibreoirí meaisín agus ar chóimeálaithe as seo go ceann deich mbliana. Tá poist éagsúla ar fáil san earnáil, cuir i gcás sa bhríceadóireacht, sa tógáil, sa tsiúinéireacht, sa táthú agus sa díonadóireacht. Mar sin féin, d’fhéadfadh post mar oibreoir meaisín a bheith ina bhealach isteach corraitheach san earnáil.

Mar oibreoir craenach, mar shampla, beidh tú freagrach as úsáid shábháilte innealra ar láithreáin tógála. Beidh an deis agat a bheith ag obair ar thionscadail éagsúla, ar féidir leo a bheith fada agus deacair, ach an-sásúil san am céanna. Bíonn an pá níos fearr freisin ná mar atá sé i go leor post tógála eile. Is féidir leat clárú i gcomhair cúrsaí oiliúna ar leith d’oibreoirí craenach a bhfuil an-tóir agus an-éileamh orthu. Tabharfaidh na cúrsaí sin duit na huirlisí, na scileanna agus an taithí phraiticiúil a theastaíonn uait, agus bíonn cáilíocht ag dul leis chomh maith.

2. Meicneoir

Ag cloí le téama an innealra, tá éileamh ann fós ar mheicneoirí. Chomh maith le bheith ag obair ar charranna, ar bhusanna agus ar fheithiclí eile, bíonn gá le meicneoirí in go leor tionscal, amhail in earnálacha na tógála, na déantúsaíochta agus na heitlíochta. Beidh an cineál scileanna a fhorbróidh tú mar mheicneoir úsáideach freisin i gcuid mhaith de na poist a d’fhéadfadh a bheith agat amach anseo, cuir i gcás in earnáil an fhuinnimh ghlais. Chomh maith le scileanna crua, is mór ag fostóirí scileanna boga amhail comhoibriú agus cumarsáid. Cé go dtairiscíonn go leor ollscoileanna cúrsaí san innealtóireacht mheicniúil, ní gá duit céim a bheith agat le bheith i do mheicneoir. Mar gheall ar an éileamh ard atá orthu, tá go leor cúrsaí gairme ann chun cabhrú leat an cháilíocht a theastaíonn uait a bhaint amach.

3. Leictreoir

Ní mhéadóidh an t-éileamh atá ar leictreoirí ach amháin de réir mar a thabharfaidh an domhan aghaidh ar theicneolaíochtaí inbhuanaithe agus in-athnuaite. Is féidir tuarastal maith a bheith ag gabháil le gairm leictreora, agus cuireann go leor leictreoirí a gcuid gnóthaí féin ar bun ar deireadh. Ní gá céim ollscoile a bheith agat chun cáiliú mar leictreoir agus tá go leor soláthraithe oiliúna ag tairiscint taithí oibre ar an láthair oibre féin. Tugann scéimeanna oiliúna deis duit barr feabhais a chur ar do cheird agus do scileanna boga inaistrithe á bhforbairt agat san am céanna. D’fhéadfadh na daoine a thosaíonn amach mar leictreoirí a bheith ina n-innealtóirí leictreacha, ina ndearthóirí agus ina mbainisteoirí as sin amach.

4. Sláinteolaí fiacla

Sna hearnálacha cúraim sláinte agus shóisialta, leanann an gá atá le hoibrithe de bheith ag fás. Cé go mbíonn gá le céim ollscoile le haghaidh go leor post, ní áirítear a bheith i do shláinteoir fiaclóireachta orthu sin, iontas na n-iontas. Cuidíonn sláinteoirí fiaclóireachta le lobhadh fiacail a chosc. Is féidir na scileanna praiticiúla agus an cháilíocht a theastaíonn uait sa ról sin a fháil trí chlár printíseachta a chur i gcrích. Tá tuarastal maith ag gabháil leis agus is bealach gairme iontach é dóibh siúd ar mór acu an tsolúbthacht, toisc go bhféadfadh sláinteoirí fiaclóireachta a bheith fostaithe ag cleachtas amháin nó a bheith ag obair ar bhonn neamhspleách.

5. Cócaire

Bainimid go léir taitneamh as ár gcuid bia, den chuid is mó. Agus bialanna agus caiféanna á n-athoscailt tar éis phaindéim COVID-19 agus seirbhísí seachadta bia ag teacht chun cinn, beidh éileamh leanúnach ar scileanna cistine i mbliana. Go deimhin, tá sé tuartha ag Cedefop gurb iad cóiríocht agus bia na hearnálacha a dtiocfaidh an fás is mó ar phoist iontu idir seo agus 2030. Ciallaíonn sé sin gur chóir go mbeadh go leor post ar fáil do chócaire agus d’fhoireann cistine eile amach anseo. Agus borradh faoin taisteal agus faoin turasóireacht arís tar éis dóibh maolú le linn na paindéime, beidh poist fáilteachais ann arís d’oibrithe óstáin amhail bainisteoirí agus glantóirí.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

Cedefop: Poist amach anseo

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Leideanna agus Moltaí
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Construction
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Human health and social work activities
  • Manufacturing
  • Professional, scientific and technical activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.