Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta21 Eanáir 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Le tionscnamh Bhliain Eorpach na hÓige, cuirfear deiseanna breise ag fáil do dhaoine óga in 2022

Más Eorpach óg thú, is í seo do bhliain féin. Tá 2022 ainmnithe ina Bhliain Eorpach na hÓige (BEÓ2022) ag an Aontas Eorpach, rud a fhágfaidh go mbeidh an-chuid deiseanna le tapú ag Eorpaigh óga. Coinnigh ort ag léamh chun tuilleadh a fháil amach.

European Year of Youth to boost opportunities for young people in 2022
Unsplash

Níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr tar éis na paindéime

Beidh ról lárnach ag daoine óga maidir le dul i bhfeidhm ar thodhchaí na hEorpa. Ina theannta sin, d’fhág COVID-19 faoi mhíbhuntáiste mór iad, rud a chuaigh i bhfeidhm ina sheal ar dheiseanna fostaíochta, cláir staidéir, pleananna taistil agus an saol sóisialta.

Trí BEÓ2022, áfach, tá an tAontas Eorpach ag féachaint lena chinntiú go mbeidh níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr ag daoine óga amach anseo. Ina theannta sin, comhlánaíonn an tionscnamh seo NextGenerationEU, lena ndírítear ar dheiseanna fostaíochta, oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán d’Eorpaigh óga.

“Sciobadh an iomaí deis ó dhaoine óga de bharr na paindéime – an deis bualadh le cairde nua agus aithne a chur orthu, blaiseadh de chultúir nua agus iad a iniúchadh. Cé nach féidir linn an t-am sin a thabhairt ar ais dóibh, beartaímid inniu 2022 a ainmniú ina Bhliain Eorpach na hÓige,” a dúirt Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i bpreasráiteas i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Gníomhaíochtaí éagsúla le páirt a ghlacadh iontu

Is é is aidhm do BEÓ2022 daoine óga a cheiliúradh agus deiseanna fostaíochta a sholáthar ar fud a lán earnálacha éagsúla. Is deis é duit chun eolas agus scileanna a chothú chun tacú le d’fhorbairt ghairmiúil, chun bheith i do shaoránach gníomhach agus chun rannchuidiú le hathrú chun feabhais san Eoraip.

Tá clár leathan gníomhaíochtaí á fhorbairt ag an gCoimisiún anois i gcomhair BEÓ2022, i ndlúth-theagmháil le Parlaimint na hEorpa, leis na 27 mBallstát, le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, agus le heagraíochtaí óige. 

“Tugaim cuireadh do gach Eorpach óg páirt a ghlacadh sna babhtaí rannpháirtíochta, sna tionscnaimh agus sna gníomhaíochtaí iomadúla a bheidh á seoladh againn ó mhí Eanáir 2022 ar aghaidh,” a dúirt Mariya Gabriel, an Coimisinéir um Nuálaíocht, Taighde, Cultúr, Oideachas agus an Óige. “Ba mhaith linn éisteacht a thabhairt dóibh agus bonn eolais a chur faoi na cinntí a dhéanfaimid i leith an tsaoil atá rompu.”

Chuaigh Eorpaigh óga i bhfeidhm ar chlár BEÓ2022 freisin, mar gur bhailigh an tAontas Eorpach smaointe agus moltaí ó na mílte duine óg i suirbhé a rinneadh le déanaí. Beidh buiséad EUR 8 milliún ann ó Erasmus+ agus ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach mar thaca leis na tionscnaimh sin.

Lean Tairseach Eorpach na hÓige agus EURES le haghaidh nuashonruithe

Coinnigh súil amach i gcomhair scéala eile faoi na gníomhaíochtaí sin ar Thairseach Eorpach na hÓige, áit a mbeidh clár iomlán agus tuilleadh eolais ar fáil tar éis sheoladh oifigiúil Bhliain Eorpach na hÓige. Tá roinnt imeachtaí ar an sceideal cheana féin, agus mar sin beidh tú in ann teacht ar thuilleadh eolais fúthu ar Thairseach Eorpach na hÓige.

Ina theannta sin, soláthraítear eolas áisiúil níos leithne ar Thairseach Eorpach na hÓige faoi dheiseanna agus tionscnaimh ábhartha do dhaoine óga atá ina gcónaí, ag foghlaim agus ag obair san Eoraip, agus faoi eagraíochtaí don óige ar féidir leo cuidiú leat.

Beidh ailt eile á bhfoilsiú againn anseo ar leathanach nuachta EURES, lena n-áirítear faisnéis faoi dheiseanna atá ar fáil do dhaoine óga ar fud an Aontais, amhail trí chúrsaí oiliúna agus obair dheonach.

Foilsímid ailt ar bhonn rialta freisin ina soláthraítear leideanna do dhaoine óga, lena gclúdaítear réimse leathan téamaí a bhaineann le poist agus obair san Aontas Eorpach. Chun fógraí a fháil faoinár n-ailt sheachtainiúla, liostáil lenár bhfotha RSS (oscail rannóg nuachta EURES in Internet Explorer, cliceáil ar RSS agus ansin Subscribe to this feed).

Tá os cionn trí mhilliún folúntas ar fud na hEorpa ar thairseach EURES. Cláraigh inniu agus déan teagmháil le Comhairleoir de chuid EURES má tá tacaíocht uait chun post a aimsiú.

 

Naisc ghaolmhara:

Suirbhé ar líne faoi Bhliain Eorpach na hÓige

Tairseach Eorpach na hÓige

Nuacht EURES

Tairseach EURES: Folúntais

Tairseach EURES: Cláraigh

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Coinníollacha maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí Ar Líne atá ag teacht aníos

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
Laethanta Fostaíochta/ImeachtaíNuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachtaNuacht/tuarascálacha/staitisticíÓige
Cuid(eanna) gaolmhara
Maireachtáil & Obair
Earnáil
Accomodation and food service activitiesActivities of extraterritorial organisations and bodiesActivities of households as employers, undifferentiated goods- and servicesAdministrative and support service activitiesAgriculture, forestry and fishingArts, entertainment and recreationConstructionEducationElectricity, gas, steam and air conditioning supplyFinancial and insurance activitiesHuman health and social work activitiesInformation and communicationManufacturingMining and quarryingOther service activitiesProfessional, scientific and technical activitiesPublic administration and defence; compulsory social securityReal estate activitiesTransportation and storageWater supply, sewerage, waste management and remediation activitiesWholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.