Cuidíonn EURES le cuardaitheoirí poist fostaíocht a aimsiú agus le fostóirí daoine ó gach cearn den Eoraip a earcú
Meastar go bhfuil prionsabal an Aontais Eorpaigh um shaorghluaiseacht oibrithe ar cheann de na cearta is tábhachtaí atá ag saoránaigh AE. Tríd an tsaorghluaiseacht sin, is féidir aistriú chuig aon Bhallstát den Aontas Eorpach, chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis chun post a lorg agus a ghlacadh.
Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith an-dúshlánach agus deacair uaireanta leas a bhaint as an gceart seo. Tá EURES ann go díreach chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí ina leith sin.
Cuimsíonn sé seo raon leathan seirbhísí a sholáthar, atá ar fáil ar thairseach EURES nó tríd an ngréasán mór daonna ina bhfuil breis agus míle comhairleoir atá ag obair i mBalleagraíochtaí agus in eagraíochtaí Comhpháirtíochta EURES.
I measc na seirbhísí a chuireann EURES ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí tá:
- Postfholúntais agus CVanna a mheaitseáil ar thairseach EURES
- Faisnéis agus treoir agus seirbhísí tacaíochta eile d'oibrithe agus d'fhostóirí
- Rochtain ar fhaisnéis maidir le coinníollacha maireachtála agus oibre i mballstáit AE, amhail cánachas, pinsin, árachas sláinte agus slándáil shóisialta
- Seirbhísí sonracha tacaíochta d'oibrithe trasteorann agus d'fhostóirí i réigiúin trasteorann
- Tacaíocht do ghrúpaí ar leith sa chomhthéacs de "EURES Targeted Mobility Schemes"
- Tacaíocht d'imeachtaí earcaíochta dinimiciúla tríd an ardán (ar líne) Laethanta Fostaíochta Eorpacha
- Faisnéis maidir le cúnamh iar-earcaíochta agus rochtain a thabhairt ar an gcúnamh sin, amhail oiliúint teanga agus tacaíocht le himeascadh sa tír chinn scríbe
Chun tuilleadh eolais a fháil ar sheirbhísí EURES is féidir cuairt a thabhairt ar na codanna éagsúla den láithreán gréasáin seo, sonraí teagmhála Bhaill agus Chomhpháirtithe EURES a fháil ar an leathanach “EURES i do thír féin” nó dul i dteagmháil dhíreach le Comhairleoir de chuid EURES ar an nguthán, tríd an bpost nó i gcomhrá. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Deasc Chabhrach EURES freisin chun cabhair a fháil leis an tairseach nó le ceisteanna ar bith eile atá agat.
Léigh tuilleadh faoi EURES agus faoina sheirbhísí:
Ag aimsiú poist san Eoraip – treoir do chuardaitheoirí poist
Ag earcú san Eoraip - treoir d'fhostóirí