Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta17 Márta 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

Treoir á moladh ag an Aontas Eorpach chun cearta oibrithe ardáin a chosaint

Chun Bliain Eorpach na hÓige a chomóradh, is mian linn ábhar a chur i láthair a bhfuil tionchar aige ar go leor daoine óga – obair ardáin. San alt seo gheobhaidh tú amach cad is obair ardáin ann, cad iad na dúshláin atá roimh oibrithe ardáin, agus cén chaoi a bhfuil sé d’aidhm ag an Aontas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

EU proposes directive to protect the rights of platform workers
Unsplash

Cad is obair ardáin ann?

Is cineál nua oibre é obair ardáin lena ndéantar obair íoctha a eagrú trí ardáin dhigiteacha. Déantar rochtain ar oibrithe ardáin ar líne chun réimse leathan seirbhísí ar íocaíocht a sholáthar. Roinnt samplaí d’ardáin den sórt sin is ea Uber, Bolt, agus Upwork.

Is iomaí tairbhe atá le baint as geilleagar na n-ardán i gcás oibrithe agus tomhaltóirí araon. Toisc go bhfuil riachtanais iontrála ísle agus uaireanta solúbtha oibre i gceist, fágann na hardáin dhigiteacha gur fusa ag daoine é a bheith féinfhostaithe agus ioncam a thuilleamh beag beann ar a stádas sóisialta.

De réir an Choimisiúin Eorpaigh, measadh go raibh an t-ioncam ó gheilleagar na n-ardán san Aontas Eorpach in 2020 chomh hard le EUR 20 billiún. San Aontas Eorpach as féin, is ann do bhreis agus 500 ardán saothair dhigiteach agus do bhreis agus 28 milliún oibrí ardáin.

Cad iad cuid de na dúshláin a bhíonn le sárú ag oibrithe ardáin?

Beagnach i gcónaí, is mar dhaoine féinfhostaithe a aicmíonn na hardáin na hoibrithe ardáin. I bhformhór na gcóras dlí san Eoraip, fágann sé sin nach mbíonn acu ach rochtain theoranta, más rochtain ar bith, ar chosaint saothair, amhail cearta cómhargála, cosaint sláinte agus sábháilteachta, agus scéimeanna slándála sóisialta.

Ina theannta sin, is minic nach féidir fostaíocht agus ioncam a thuar agus is le halgartaim nach bhfuil faoi smacht na n-oibrithe a dhéantar iad a chinneadh. Bíonn dálaí éagsúla oibre i gceist ag brath ar an gcineál ardáin, ar chineál na gcúraimí, agus ar an leibhéal scileanna is gá chun na cúraimí sin a dhéanamh.

Treoir ón Aontas Eorpach maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin

I mí na Nollag 2021, mhol an Coimisiún Eorpach treoir chun feabhas a chur ar na dálaí oibre san obair ardáin. Sa treoir a bheartaítear, soláthraítear liosta critéar lena chinneadh an fostóir é an t-ardán. Má chomhlíonann an t-ardán na critéir riachtanacha, glactar leis ó thaobh an dlí de gur fostóir é. Mar thoradh ar an treoir a bheartaítear, meastar go bhféadfaí idir 1.7 milliún agus 4.1 milliún duine a athaicmiú mar oibrithe. D’fhéadfadh daoine eile teacht chun bheith féinfhostaithe i ndáiríre toisc go bhféadfadh roinnt ardán a samhlacha gnó a choigeartú.

Más mar oibrithe a aicmeofar iad, beidh rochtain ag oibrithe ardáin ar na nithe seo a leanas:

  • am scíthe ráthaithe agus laethanta saoire íoctha;
  • an pá íosta náisiúnta nó earnálach ar a laghad (i gcás inarb infheidhme);
  • cosaint sábháilteachta agus sláinte;
  • sochair dhífhostaíochta, bhreoiteachta agus cúraim sláinte;
  • saoire thuismitheoireachta;
  • cearta pinsin;
  • sochair maidir le tionóiscí ag an obair agus galair cheirde.

Leis an treoir atá beartaithe ag an gCoimisiún, dírítear freisin ar chur leis an trédhearcacht maidir leis an úsáid a bhaintear as algartaim sna hardáin, a áirithiú go ndéanfaidh daoine faireachán orthu agus go mbeidh an ceart ann chun cur i gcoinne cinntí uathoibrithe.

Is minic a bhíonn údaráis náisiúnta ag streachailt chun rochtain a fháil ar shonraí a bhaineann le hardáin agus leis na daoine a bhíonn ag obair tríothu. Leis an togra ón gCoimisiún, tá sé i gceist níos mó trédhearcachta a bheith ann i dtaobh na n-ardán trí shoiléiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ann cheana maidir le hobair a dhearbhú do na húdaráis náisiúnta. Faoi na rialacha nua, ceanglófar ar ardáin roinnt faisnéise a chur ar fáil do na húdaráis náisiúnta faoina ngníomhaíochtaí agus faoi na daoine a bhíonn ag obair tríothu.

Acmhainní eile maidir le cearta oibrithe ardáin

Tionscnaimh maidir le geilleagar na n-ardán: Sa stór gréasáin seo de chuid Eurofound, bailítear le chéile raon leathan tionscnamh náisiúnta a bhaineann le geilleagar na n-ardán. Is féidir leat an scagadh a úsáid chun cuardach a dhéanamh i leith tír shonrach.

Tionscnaimh chun dálaí a fheabhsú i gcás oibrithe ardáin: Aidhmeanna, modhanna, láidreachtaí agus laigí: Sa tuarascáil seo ó Eurofound, déantar measúnú ar roinnt de na tionscnaimh sna Ballstáit arb é is aidhm leo dul i ngleic leis na gnéithe diúltacha a bhaineann le hobair ardáin agus tugtar moltaí inti maidir le tuilleadh gníomhaíochta.

Ceisteanna agus freagraí: Dálaí oibre a fheabhsú i gcás obair ardáin: Freagraíonn an Coimisiún Eorpach ceisteanna coitianta a bhaineann le geilleagar na n-ardán agus soláthraíonn sé tuilleadh eolais faoin treoir atá beartaithe aige, chomh maith le naisc chuig acmhainní.

Níl san obair ardáin ach ceann amháin de na roghanna atá ar fáil do chuardaitheoirí poist óga chun tús a chur lena gconair ghairme. Féach an t-alt seo i gcomhair tuilleadh eolais faoi na deiseanna oiliúna atá ar fáil do dhaoine óga san Aontas Eorpach.

 

Naisc ghaolmhara:

Dálaí oibre a fheabhsú i gcás obair ardáin

Tionscnaimh chun dálaí a fheabhsú i gcás oibrithe ardáin: Aidhmeanna, modhanna, láidreachtaí agus laigí

Tionscnaimh i leith gheilleagar na n-ardán

Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre a fheabhsú i gcás obair ardáin

Ceisteanna agus freagraí: Dálaí oibre a fheabhsú i gcás obair ardáin

Bliain Eorpach na hÓige: Cúrsaí Oiliúna

 

Léigh tuilleadh:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Dálaí maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Nuacht an mhargaidh saothair/nuacht soghluaisteachta
  • Nuacht/tuarascálacha/staitisticí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Arts, entertainment and recreation
  • Education
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Transportation and storage

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.