Tá eolas le fáil sa ráiteas príobháideachais seo faoi phróiseáil agus cosaint do shonraí pearsanta.
An oibríocht phróiseála: EURES
An Rialaitheoir Sonraí: An tÚdarás Eorpach Saothair – Aonad Faisnéise agus EURES
Nasc taifid :https://www.ela.europa.eu/en/eures-data-protection-register
1. Réamhrá
Próiseálann an oibríocht seo faisnéis phearsanta. Tá an tÚdarás Eorpach Saothair (‘an tÚdarás’ ina dhiaidh seo) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Bailíonn agus déanann an Coimisiún tuilleadh próiseála ar shonraí pearsanta de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/17251, atá infheidhme maidir le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eorpaigh. Tá an fhaisnéis sa Ráiteas um chosaint sonraí seo á soláthar de bhun Airteagail 15-16 den Rialachán sin. Tá feidhm le Rialachán (AE) 2016/679, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i ndáil le haon phróiseáil sonraí arna déanamh ag eagraíochtaí atá lasmuigh d’institiúidí agus comhlachtaí AE.
Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an tslí a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Sonraítear ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?
Is seirbhís é an comhrá ar líne a chuireann úsáideoirí na tairsí EURES i dteagmháil dhíreach le comhairleoirí atá ag obair sa líonra EURES, d’fhonn cúnamh agus treoir a bhaineann le cuardach post agus ábhar gaolmhar a chur ar fáil.
Ní féidir do shonraí pearsanta a úsáid le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.
3. Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?
Próiseálaimid do shonraí pearsanta ar na cúiseanna seo a leanas:
- is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe d’institiúid nó do chomhlacht de chuid an Aontais, agus
- ós rud é go bhfuil toiliú tugtha agatsa, an t-ábhar sonraí, do phróiseáil do chuid sonraí pearsanta le haghaidh cuspóir sonrach amháin nó níos mó.
Tá sé seo i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 an 23 Deireadh Fómhair 2018, go háirithe
4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu
Chun do cheist a fhreagairt, tá sé éigeantach sonraí pearsanta áirithe a chur ar fáil. Ní mór duit na sonraí pearsanta seo a leanas a sholáthar:
- Céadainm
- Sloinne
- Tír chónaithe
- Seoladh ríomhphoist (chun teagmháil a dhéanamh as líne)
5. Cén fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?
Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta a chuirtear isteach i gcomhrá ar líne a bhailiú ná a phróiseáil tuilleadh ach amháin a mhéid is fíorghá, chun freagra a thabhairt duit nó chun d’iarratas a láimhseáil ar aon bhealach eile. Mura gcomhaontaítear a mhalairt le linn an chomhrá nó mura luaitear in áit eile é, féadfar na comhráite a stóráil chun críche dhearbhú cáilíochta go ceann tréimhse nach faide ná bliain.
6. Conas a dhéanaimid do chuid sonraí pearsanta a chosaint agus a choimeád slán?
I gcomhréir le forálacha Airteagal 6, Airteagal 44(1) agus aithris 45 de Rialachán (AE) 2019/11492, lena sonraítear ‘go mbainisteoidh an tÚdarás Oifig Eorpach Comhordúcháin EURES’, aistríodh Oifig Eorpach Comhordúcháin EURES (ECO) de líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES) chuig an Údarás Eorpach Saothair.
Mar sin féin, de réir Airteagal 6 de Rialachán 2019/1149, leanfaidh an Coimisiún le hoibriú agus forbairt bhonneagar TF thairseach EURES agus seirbhísí TF gaolmhara a áirithiú.
Stóráiltear na sonraí pearsanta ar fad atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) ar fhreastalaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh nó an chonraitheora a oibríonn an tseirbhís deisce cabhraí sin. Déantar na hoibríochtaí próiseála go léir i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise atá á n-úsáid sa Choimisiún Eorpach.
Tá conraitheoirí an Choimisiúin faoi cheangal clásail chonarthaigh shonraigh maidir le próiseáil oibríochtaí ar bith a dhéantar ar do chuid sonraí thar ceann an Choimisiúin; agus tá siad faoi cheangal na n-oibleagáidí rúndachta a eascraíonn as trasuí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí i mBallstáit an Aontais Eorpaigh (Rialachán (AE) 2016/679 maidir le ‘RGCS’).
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt beart teicniúil agus eagraíochtúil curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Áirítear i measc na mbeart teicniúil gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, an baol a bhaineann le caillteanas sonraí, athrú sonraí nó rochtain neamhúdaraithe, ag cur san áireamh an baol a bhaineann leis an bpróiseáil agus an cineál sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Áirítear i measc na mbeart eagraíochtúil, rochtain theoranta ar shonraí pearsanta atá údaraithe díreach do dhaoine a bhfuil gá dlisteanach acu na sonraí pearsanta a bheith ar eolas acu chun críocha na hoibríochta próiseála seo.
7. Cé aige a bhfuil rochtain ar do chuid sonraí pearsanta agus cé dó a nochtar iad?
Mura luaitear a mhalairt ar an leathanach comhrá de thír nó d’eagraíocht faoi leith, is conraitheoir atá ag feidhmiú thar ceann an “rialaitheora sonraí” a reáchtálann an tseirbhís. Is é an “rialaitheoir sonraí” sin an Oifig Eorpach Comhordúcháin do EURES, a bunaíodh laistigh den Údarás Eorpach Saothair - Aonad Faisnéise agus EURES. Déantar na sonraí arna bpróiseáil go díreach ar an ardán comhrá a chosaint agus a láimhseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725. Níl rochtain dhíreach agat ar na sonraí a stóráiltear ar an ardán comhrá. Más mian leat a fháil amach céard iad na sonraí pearsanta atá stóráilte thar do cheann nó más mian leat iad a athrú nó a scriosadh, téigh i dteagmháil le do thoil leis an rialaitheoir ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: data-protection@ela.europa.eu
Trí chomhaontú leis an ráiteas um chosaint sonraí seo, tugann an t-ábhar sonraí a thoiliú/a toiliú na sonraí a tharchur, má tá sé riachtanach chun a iarraidh/a hiarraidh a láimhseáil, chuig Ballstáit LEE agus an Eilvéis, a bhfuil baint acu le líonra EURES i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/589 agus leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus Cónaidhm na hEilvéise3.
8. Céard iad na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?
Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do chuid sonraí pearsanta. Nuair is infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála nó tá an ceart agat maidir le hiniomparthacht sonraí.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá na sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9.Sonraí teagmhála.
I gcás gur mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála amháin nó roinnt oibríochtaí próiseála, déan cur síos orthu le do thoil (i.e. a dtagairt/a dtagairtí Taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10.Cá bhfuil tuilleadh faisnéis mhionsonraithe le fáil? i d’iarratas.
9. Faisnéis teagmhála
An Rialaitheoir Sonraí
Is í an Oifig Eorpach Comhordúcháin do EURES, a bunaíodh laistigh den Údarás Eorpach Saothair – Aonad Faisnéise agus EURES, atá ina “rialaitheoir” faoi Rialachán (AE) 2018/1725 a bhainistíonn tairseach EURES.
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725; nó le haghaidh aon cheisteanna, aon ghearáin nó aon iarrataí eile maidir leis na sonraí a tarchuireadh chuig agus a próiseáladh ar thairseach EURES, déan teagmháil leis an rialaitheoir ag an seoladh ríomhphoist: data-protection@ela.europa.eu.
Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (data-protection@ela.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.
An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)
Tá an ceart agat dul ar iontaoibh (i.e. gearán a dhéanamh) an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar do shonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag an Rialaitheoir Sonraí.
10. Cá bhfuil tuilleadh faisnéis mhionsonraithe le fáil?
Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin clár na n-oibríochtaí próiseála uile ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Is féidir leat rochtain a fháil ar an gclár tríd an nasc seo a leanas: https://www.ela.europa.eu/en/eures-data-protection-register
Fonótaí
1 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint chomh fada is a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001)
2 Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, Rialachán (AE) Uimh. 492/2011, agus Rialachán (AE) 2016/589 agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE agus leis an Eilvéis) IO L 186, 11.7.2019, lgh. 21-56
3 Comhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine, aeriompar agus iompar de thalamh, soláthar poiblí, comhar eolaíoch agus teicneolaíoch, aitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta, agus trádáil i dtáirgí talmhaíochta, Iris Oifigiúil L 114, 30/04/2002.