Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)

Ráiteas ar chosaint sonraí — Deasc Chabhrach EURES

Tá eolas le fáil sa ráiteas príobháideachais seo faoi phróiseáil agus cosaint do shonraí pearsanta.

An oibríocht phróiseála: 

  • Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí
  • Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) d’Fhoireann EURES

An Rialaitheoir Sonraí: An tÚdarás Eorpach Saothair – Aonad Faisnéise agus EURES

Tagairt taifid: DPR-ELA-2022-0009 agus Taifead DPR-ELA-2022-0044

1. Réamhrá

Tá an tÚdarás Eorpach Saothair (“ELA” ina dhiaidh seo) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do do phríobháideachas a urramú. Déanann ELA sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an tslí a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear an fhaisnéis sin, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Sonraítear ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

An fhaisnéis maidir leis an oibríocht phróiseála “Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES): Deasc Chabhrach EURES” a dhéanann an tÚdarás Eorpach Saothair, Aonad Faisnéise agus EURES, cuirtear i láthair thíos í.

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Bailíonn agus úsáideann an tAonad Faisnéise agus EURES do chuid faisnéise pearsanta chun fiosrúcháin nó teachtaireachtaí a phróiseáil a d’fhéadfaí a mhalartú idir cuardaitheoirí poist, fostóirí nó baill foirne EURES leis an Deasc Chabhrach (ar an nguthán, trí bheochomhrá nó Skype nó tríd an ríomhphost.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad iad na forais dhlíthiúla ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Próiseálaimid do shonraí pearsanta ar na cúiseanna seo a leanas:

Do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí sonraí:

De réir Airteagal 5(1)(d) de Rialachán (AE) 2018/1725, tá toiliú tugtha agat do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó.

I gcás úsáideoirí líonra EURES (foireann EURES):

De réir Airteagal 5(1)(a) de Rialachán (AE) 2018/1725, tá an phróiseáil riachtanach chun tasc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a chomhlíonadh atá dílsithe d’institiúid nó do chomhlacht de chuid an Aontais.

Bunús dlí:

  • Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach Saothair.
  • I Rialachán (AE) 2016/589, “Rialachán EURES”, agus go háirithe i gCaibidil III den Rialachán sin, sainítear cuspóirí na próiseála, is é sin folúntais phoist a mheaitseáil le CVanna nó le Próifílí cuardaitheora poist, agus leagtar amach ann freisin coinníollacha ginearálta don phróiseáil.
  • Leagtar síos forálacha breise maidir le próiseáil sonraí, go háirithe maidir le róil agus freagrachtaí na bpáirtithe éagsúla atá páirteach sa phróiseáil, i gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiúin (AE) 2017/1257.

Ní phróiseálaimid catagóirí speisialta sonraí pearsanta, dá bhrí sin níl feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán.

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu

Bailíonn an tAonad Faisnéise agus EURES na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta chun an oibríocht phróiseála seo a dhéanamh:

Ainm, sloinne, seoladh ríomhphoist, tír chónaithe, fiosrúchán.

Do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí sonraí:

Níl sé éigeantach sonraí pearsanta a sholáthar.

I gcás úsáideoirí líonra EURES (foireann EURES):

Fuarthas do shonraí pearsanta ón Oifig Náisiúnta Comhordúcháin EURES lena mbaineann.

Tá sé éigeantach sonraí pearsanta a sholáthar, de réir mar is gá chun Tairseach EURES a bhainistiú, de réir an struchtúir a cruthaíodh le Rialachán EURES (Rialachán (AE) 2016/589), go háirithe Airteagal (12)(4).

5. Cén fhad a choinnímid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn an tAonad Faisnéise agus EURES do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun cuspóir an bhailithe nó na próiseála breise a chomhlíonadh, eadhon ar feadh dhá bhliain ón teachtaireacht dheireanach a bhaineann le comhrá.

6. Conas a dhéanaimid do chuid sonraí pearsanta a chosaint agus a choimeád slán?

Stóráiltear na sonraí pearsanta ar fad atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) ar fhreastalaithe an Údaráis Eorpaigh Saothair nó a chonraitheoirí.

Tá conraitheoirí ELA faoi cheangal clásal conarthach ar leith maidir le hoibríochtaí próiseála ar bith do chuid sonraí thar ceann ELA, agus tá siad faoi cheangal oibleagáidí rúndachta a thagann go díreach as an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i mBallstáit an Aontais Eorpaigh (Rialachán (AE) 2016/679 maidir le ‘RGCS’).

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt beart teicniúil agus eagraíochtúil curtha i bhfeidhm ag ELA. Áirítear i measc na mbeart teicniúil gníomhartha iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, an baol a bhaineann le caillteanas sonraí, athrú sonraí nó rochtain neamhúdaraithe, ag cur san áireamh an baol a bhaineann leis an bpróiseáil agus an cineál sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Áirítear i measc na mbeart eagraíochtúil, rochtain theoranta ar shonraí pearsanta atá údaraithe díreach do dhaoine a bhfuil gá dlisteanach acu na sonraí pearsanta a bheith ar eolas acu chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

7. Cé aige a bhfuil rochtain ar do chuid sonraí pearsanta agus cé dó a nochtar iad?

Cuirtear rochtain ar do shonraí pearsanta ar fáil don fhoireann ELA atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a dhéanamh agus don fhoireann údaraithe de réir an phrionsabail “riachtanais”. Cloíonn baill foirne den sórt sin le comhaontuithe reachtúla, agus nuair is gá, comhaontuithe rúndachta breise.

Aistrithe sonraí idirnáisiúnta:

Do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí araon:

Má thoilíonn tú, aistreoidh an rialaitheoir do shonraí pearsanta chuig na páirtithe leasmhara ábhartha san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis.

Aistreoidh an rialaitheoir do shonraí pearsanta bunaithe ar chinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún Eorpach don Eilvéis1.

I gcás úsáideoirí líonra EURES (foireann EURES):

Aistreoidh an rialaitheoir do shonraí pearsanta chuig na páirtithe leasmhara ábhartha san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis.

Ní thabharfar an teolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, ach amháin a mhéid agus chun na críche a bhféadfadh an dlí a cheangal orainn a dhéanamh.

8. Céard iad na cearta atá agat agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?

Tá cearta sonracha agat mar “ábhar sonraí” faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta agus chun iad a cheartú i gcás go bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh, agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus an ceart chun iniomparthacht sonraí.

I gcás úsáideoirí líonra EURES (foireann EURES):

Tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dleathach de bhun Airteagal 5(1)(a) ar fhorais a bhaineann le do chás ar leith.

Do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí sonraí:

Thoiligh tú do shonraí pearsanta a sholáthar don Rialaitheoir Sonraí le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar am ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá na sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríochta próiseála amháin nó roinnt oibríochtaí próiseála, déan cur síos orthu le do thoil (i.e. a dtagairt/a dtagairtí Taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10) i d’iarratas.

9. Faisnéis teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh maidir le bailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, ná bíodh leisce ort teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí: euresatela [dot] europa [dot] eu (eures[at]ela[dot]europa[dot]eu)

Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) ELA

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (data-protectionatela [dot] europa [dot] eu (data-protection[at]ela[dot]europa[dot]eu)) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh (i.e. gearán a dhéanamh) an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu))  má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar do shonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Cá bhfuil tuilleadh faisnéis mhionsonraithe le fáil?

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) ELA clár na n-oibríochtaí próiseála uile ar shonraí pearsanta atá déanta ag ELA ar oibríochtaí iad atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Is féidir leat teacht ar an gclár tríd an nasc seo a leanas a leanúint: https://www.ela.europa.eu/en/privacy-policy

Tá an oibríocht shonrach phróiseála seo curtha le clár poiblí an OCS agus tá an Tagairt taifid seo a leanas luaite leis: DPR-ELA-2022-0009 Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) do chuardaitheoirí poist agus d’fhostóirí agus Taifead DPR-ELA-2022-0044 Líonra Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) d’Fhoireann EURES.

fonótaí

1 2000/518/CE: Cinneadh ón gCoimisiún an 26 Iúil 2000 de bhun Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint leordhóthanach sonraí pearsanta arna soláthar san Eilvéis