Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta14 Samhain 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 4 nóiméad

An bhféadfadh seachtain oibre ceithre lá a bheith i ndán do d’fhostaithe?

Tá tús curtha arís le déanaí le comhráite faoi sheachtain oibre ceithre lá, agus tá an feachtas ag dul ó neart go neart chun é sin a chur i bhfeidhm. Anseo thíos, tá cuid de na cúiseanna a bhféadfadh seachtain oibre ceithre lá a bheith i ndán do d’fhostaithe.

Could a four-day working week be the future for your employees?

Táirgiúlacht níos fearr

Míthuiscint ghinearálta atá ann go mbraitheann do tháirgiúlacht ar an líon uaireanta a dhéanann tú. Cé go bhféadfadh sé a bheith míloighciúil ar an gcéad dul síos, d’fhéadfadh táirgiúlacht níos mó a bheith ina toradh ar sheachtain oibre níos lú.

Is iomaí staidéar a léiríonn go mbíonn flosc níos mó chun oibre ar fhostaithe agus gur fearr a bhíonn ar a gcumas acu díriú isteach ar an obair agus a gcuid ama a bhainistiú níos éifeachtaí nuair a bhíonn níos lú laethanta oibre sa tseachtain acu. Sampla iontach de sin is ea an turgnamh a rinne Microsoft na Seapáine in 2019 inar léiríodh méadú 40 % ar an táirgiúlacht agus ar shástacht fostaithe. Formhór na gcuideachtaí a ghlacann páirt sa chlár píolótach faoi sheachtain oibre ceithre lá sa Ríocht Aontaithe, shonraigh siad nár tháinig laghdú ar an táirgiúlacht agus, in go leor cásanna, gur tháinig feabhas mór ar an táirgiúlacht. Mar sin, más í an táirgiúlacht an chloch is mó ar an bpaidrín agat, b’fhéidir go gcabhródh seachtain oibre ceithre lá go mór leat féin agus le d’fhostaithe.

Feabhas ar an meabhairshláinte agus ar an bhfolláine

Mairimid i dtimpeallacht oibre atá an-iomaíoch agus an-dúshlánach. Bíonn níos mó á lorg ag fostóirí óna bhfostaithe i gcónaí, rud a fhágann go bhfuil ualaí oibre agus ionchais ag dul i méid. B’fhéidir nach leor dhá lá shaora chun go mbeadh briseadh ceart ón obair ag d’fhostaithe. D’fhéadfadh traochadh agus fadhbanna meabhairshláinte a bheith ina dtoradh air sin.

Beidh deis ag fostaithe a scíth a ligean agus teacht chucu féin má bhíonn lá saor sa bhreis acu. Fágfaidh sé sin nach mbeidh siad as láthair de bharr tinnis chomh minic céanna – d’fhéadfadh asláithreachtaí den sórt sin a bheith ina gcúis le strus breise mar mothóidh na fostaithe go bhfuil siad ag titim siar ag an obair. Thuairiscigh fostaithe i scéim phíolótach san Íoslainn strus níos lú, traochadh níos lú i measc na bhfostaithe, agus feabhas ar an meabhairshláinte agus ar an tsláinte choirp. Mhothaigh siad níos sásta agus bhí níos mó fuinnimh acu ag an obair freisin.

Sonas níos mó i measc fostaithe

Beidh am saor níos mó ag fostaithe agus cuirfear feabhas ar an gcothromaíocht oibre is saoil ach an tseachtain oibre a laghdú agus an deireadh seachtaine a dhéanamh níos faide. Ar an gcaoi sin, is féidir an brú agus an strus a thugann fostaithe isteach san ionad oibre a laghdú, rud a fhágann go mbeidh lucht saothair níos spreagtha agus níos díograisí agat.

Cuireann an lá saor breise ar a gcumas do na fostaithe am a chaitheamh lena dteaghlach agus le cairde leo. Beidh fostaithe níos sona go ginearálta má bhíonn am acu le caitheamh ar rudaí a thaitníonn leo, rud a d’fhéadfadh a ndílseacht don chuideachta a neartú.

Cabhraíonn sé leis an timpeallacht

Mar thoradh ar an bpaindéim, is é an gnáthrud é do chuid mhór daoine a bheith ag obair ón mbaile. Ní féidir cianobair a dhéanamh i dtionscail áirithe, áfach, agus i gcásanna áirithe d’fhéadfadh seachtain oibre ceithre lá cabhrú le fostaithe costais bhreosla agus chomaitéireachta a laghdú, agus a lorg carbóin a fheabhsú. Sa turgnamh a rinne Microsoft na Seapáine in 2019, tháinig laghdú den cheathrú cuid ar chostais leictreachais, mar shampla.

Ina theannta sin, i staidéar a rinne Scoil Ghnó Henley in 2012, meastar go dtiocfadh laghdú thart ar 900 milliún ciliméadar (560 milliún míle) in aghaidh na seachtaine ar an líon ciliméadar a thiomáinfeadh fostaithe. Agus cuid mhór dúinn ag dul i ngleic le géarchéim mhór an chostais maireachtála, tá tábhacht níos mó leis an gcoigilteas breise sin.

An bhfuil leideanna eile uait chun do chuid fostaithe a choinneáil sona sásta? Féach an t‑alt linn maidir le Conas a bheith i do dhea-fhostóir.

 

Naisc ghaolmhara:

Turgnamh Microsoft na Seapáine in 2019

Clár píolótach maidir le seachtain oibre ceithre lá

An Íoslainn

staidéar a rinne Scoil Ghnó Henley in 2012

Conas a bheith i do dhea-fhostóir

 

Tuilleadh eolais:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Coinníollacha maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.