Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta11 Samhain 2022An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 5 nóiméad

An fiontraí óg thú? Cabhróidh na nósanna seo leat a bheith níos rathúla

D’fhéadfá áit a bhaint amach duit féin i saol na fiontraíochta le smaoineamh iontach gnó, ach d’fhéadfadh gnáthamh laethúil láidir cabhrú leat do bhealach a dhéanamh i dtreo an ratha. Más fiontraí óg thú, féach na leideanna seo chun cabhrú leat do spriocanna a bhaint amach.

Are you a young entrepreneur? These habits will help you be more successful

Pleanáil do chuid ama go críonna

Agus eolas á chur agat ar shaol an fhiontraí, is dócha gur fhoghlaim go luath tú gurb ionann am agus airgead. Dá fheabhas an úsáid a bhaineann tú as do chuid ama, is ea is mó an t‑airgead a spárálfaidh tú. Tá sé tábhachtach, mar sin, do chuid ama a chaitheamh go críonna. Bí cinnte go bhfuil plean agat don lá amárach, agus tosaigh i gcónaí leis an tasc is deacra nó is práinní atá ar an liosta agat. Dá bhrí sin, beidh na tascanna is práinní déanta agat má thagann rud éigin aniar aduaidh ort níos déanaí sa lá. Tiocfaidh laghdú ar do chuid fuinnimh faoi mar a théann an lá ar aghaidh, mar sin cabhróidh sé leat an úsáid is fearr a bhaint as do chuid ama ach na tascanna is éasca a dhéanamh ag an deireadh.

Coinnigh súil ar do chaiteachas agus ar thuilleamh

Coinnigh taifead laethúil de chaiteachas agus d’ioncam an ghnóthais. Bí cinnte cuntas a thabhairt i ngach aon rud (mar shampla billí fóntais). Tabharfaidh sé sin léargas níos fearr duit ar do chaipiteal reatha agus cabhróidh sé leat pleanáil a dhéanamh le haghaidh infheistíochtaí amach anseo. Aimsigh bealaí chun athruithe móra a bhaint amach i do ghnóthas ar infheistíocht bheag. Mar shampla, d’fhéadfadh bogearraí simplí cabhrú le heispéireas do chustaiméirí le do ghnóthas a chuíchóiriú nó cabhrú le d’fhostaithe a gcuid oibre a dhéanamh níos fearr. Ba cheart go gcabhródh do chuid infheistíochtaí leat féin agus leis an bhfoireann oibre a bheith ag obair ar bhealach cliste chun na torthaí is fearr a bhaint amach ar an iarracht is lú.

Smaoinigh go fadtéarmach

Is iomaí fiontraí mífhoighneach a bhíonn ag súil le torthaí móra a fheiceáil agus airgead mór a dhéanamh go tapa. Ná déan dearmad nach ann do mhórán gnóthas a thosaíonn amach go han-rathúil agus a n‑éiríonn leo coinneáil leis an luas sin agus leanúint de bheith ag feidhmiú san fhadtéarma. Bí ullamh do dhul chun cinn mall, go háirithe ag an tús, más mian leat gnóthas iontaofa a fhorbairt. Déan spriocanna réalaíocha a leagan amach don mheántéarma agus don fhadtéarma, agus coinnigh súil ar an dul chun cinn a dhéanann tú ina dtreo. Ar ghnóthais bheaga nuathionscanta nach raibh rathúil ar an bpointe boise, áirítear Spotify, Shutterstock agus WhatsApp.

Lean leis an léitheoireacht agus fan cothrom le dáta

Bí cinnte am a chur i leataobh gach lá chun roinnt léitheoireachta a dhéanamh. Spreagfaidh an léitheoireacht d’intinn, agus tabharfaidh sé sos duit ó bheith ag cuimhneamh ar chúrsaí oibre. Fiú má tá cúrsaí go hiontach anois, ní hé sin le rá go mbeidh siad iontach i bhfad. B’fhéidir go dtiocfadh duine eile agus go mbeadh sé in ann an rud céanna leat féin a dhéanamh ach ar bhealach níos fearr agus ar chostas níos lú. Tá sé tábhachtach, mar sin, a bheith ar an eolas faoi na forbairtí is úire sa ghort le cinntiú go mbeidh do ghnóthas iomaíoch. Is iomaí bealach atá ann le fanacht iomaíoch – mar shampla litríocht agus suíomhanna gréasáin ábhartha, agus podchraoltaí a bhaineann go sainiúil leis an earnáil. Má bhíonn tú ag taisteal go minic, bain triail as éisteacht le closleabhar, mar shampla ar StorytelAudible.

Corp folláin, intinn fholláin

Is léiriú é do ghnóthas ar do staid fhisiciúil agus do staid mheabhrach. Mar sin, ní mór duit a chinntiú go dtugann tú aire do do chorp agus do d’intinn. Seachain bia mífholláin agus bí cinnte go n‑itheann tú réim chothrom bia chun na vitimíní agus na mianraí go léir atá ag teastáil uait don lá a fháil. Gearr siar ar méid alcóil a ólann tú de réir teorainneacha réasúnta, agus déan iarracht gan alcól a ól san oíche má bhíonn tascanna tábhachtacha le déanamh agat an lá dár gcionn. Cuireann cleachtaí laethúla (mar shampla ióga nó dul ag rith) le cuisliú na fola chuig d’intinn agus do chorp. Mar fhiontraí, b’fhéidir go mbeadh cathú ort a bheith ag smaoineamh faoi chúrsaí oibre i gcónaí, ach tá sé ríthábhachtach don mheabhairshláinte a bheith in ann sos a ghlacadh ón obair. Bealach iontach chun é sin a dhéanamh is ea machnamh a dhéanamh, éisteacht le ceol nó tasc cruthaitheach a dhéanamh nach mbaineann le do chuid oibre ar chor ar bith, mar shampla pictiúr a tharraingt nó garraíodóireacht a dhéanamh. Is iomaí aip mhachnaimh atá ann, agus d’fhéadfaí na haipeanna sin a úsáid agus tú ag tosú amach. Ar na haipeanna sin, tá Petit BamBou ar a bhfuil seisiúin mhachnaimh ar fáil i mBéarla, Spáinnis, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Ollainnis.

Bain lántairbhe as EURES

Cé acu atá baill foirne nó intéirnigh nua á lorg agat, tá EURES ar an mbealach is fearr chun teacht ar earcaigh nua a chomhlíonann na riachtanais atá agat. Aimsigh Comhairleoir EURES i do réigiún féindéan teagmháil leis an gComhairle EURES áitiúil tríd an acmhainn chomhrá chun eolas a fháil ar an gcaoi ar féidir le EURES cabhrú le do ghnóthas.

I gcomhpháirt le EURES, an Tairseach Eorpach um Shoghluaisteacht ó Phost go Chéile.

 

Naisc ghaolmhara:

Audible

Rogha 10 na bPodchraoltaí Fiontraíochta is mó a mholtar

Déan comhrá le Comhairleoirí EURES

Petit BamBou

Comhairleoirí EURES a chuardach

Storytel

 

Tuilleadh eolais:

Laethanta Fostaíochta Eorpacha

Aimsigh Comhairleoirí EURES

Coinníollacha maireachtála agus oibre i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
  • Cúnamh agus tacaíocht
  • Leideanna agus Moltaí
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.