Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
EURES (EURopean Employment Services)
Alt nuachta26 Iúil 2017An tÚdarás Eorpach Saothair, Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus CuimsiúAm léitheoireachta: 3 nóiméad

An bhfuil tú 35 bliana d’aois nó níos sine? An bhfuil tú dífhostaithe? Cuir borradh faoi do ghairm le tacaíocht ó Reactivate

Ní do dhaoine atá ar bhriseadh bliana nó do chéimithe nua amháin atá fostaíocht thar lear. Is scéim soghluaisteachta fostaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh é “Reactivate”, agus é mar aidhm leis tacaíocht a thabhairt d’oibrithe aosta deiseanna nua a shaothrú.

Are you 35 or older? Unemployed? Give your career a boost with support from Reactivate
EURES

Cé go bhfuil Reactivate dírithe ar chuardaitheoirí poist atá dífhostaithe agus cuardaitheoirí poist atá dífhostaithe go fadtéarmach, tá sé ar oscailt freisin do dhaoine atá ar lorg gairm nua i dtír nua, beag beann ar a leibhéal oideachais agus a dtaithí oibre roimhe seo.

Tá an scéim ina leagan leathnaithe den chlár Do Chéad Phost EURES, an scéim soghluaisteachta fostaíochta laistigh den AE do dhaoine idir 18 mbliana d’aois agus 35 bliana d’aois agus fostóirí. In ionad é a bheith dírithe ar oibrithe óga, is ar dhaoine atá 35 bliana d’aois nó níos sine agus a bhfuil spéis acu i mbogadh chuig Ballstát eile AE chun post, cúrsa oiliúna nó printíseacht a fháil atá Reactivate dírithe.

Leis an scéim, tairgtear tacaíocht shaincheaptha ar fud an phróisis earcaíochta agus mheaitseála ar fad, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais chun freastal ar na costais a bhaineann le hoiliúint teanga, le haitheantas a fháil do cháilíochtaí agus le bogadh thar lear, athlonnú teaghlaigh san áireamh.

Ní hé amháin go dtéann Reactivate chun tairbhe do dhaoine aonair, ach is féidir le fostóirí, go háirithe fiontraithe a bhfuil fiontair bheaga agus mheánmhéide ar bun acu, tairbhe a bhaint as an scéim freisin. Is féidir leo cabhair a fháil chun oibrithe ó thíortha eile a aimsiú le haghaidh folúntais atá deacair le líonadh. Chomh maith leis sin, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le seirbhísí Reactivate chun tacaíocht a fháil i ndáil le tairiscintí poist a bhainistiú agus folúntais a mheaitseáil le hiarrthóirí AE. Tá tacaíocht airgeadais ar fáil freisin d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá ag ullmhú cláir ionduchtúcháin dá n-oibrithe nua-earcaithe.

An bhfuil spéis agat ann? Chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil tú nó do chuideachta incháilithe do leas a bhaint as na seirbhísí fostaíochta agus na gníomhaíochtaí tacaíochta atá ar fáil ó Reactivate, nó chun sonraí teagmhála a fháil, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar eures.europa.eu agus an nasc chuig Reactivate atá suite ar thaobh na láimhe deise den leathanach baile a leanúint.

Tá an scéim ar fáil do chuardaitheoirí poist agus d'fhostóirí i ngach Ballstát AE.  Tá seans ann, áfach, nach mbeidh seirbhísí díreacha ar fáil i ngach tír AE. Mar sin féin, beidh seirbhísí fostaíochta Reactivate in ann cabhrú le cuardaitheoirí poist agus fostóirí ó aon Bhallstát AE.

Trí chuardaitheoirí poist a chur i dteagmháil le fostóirí – agus trí fhostóirí a chur i dteagmháil le cuardaitheoirí poist – ar fud an AE, is féidir le Reactivate cabhrú leat teacht ar an deis oibre atá á lorg agat. Is féidir leis iomaíochas a neartú i measc ghnólachtaí AE freisin.

 

Naisc ghaolmhara:

Reactivate

Do Chéad Phost EURES

Reactivate - Scéim soghluaisteachta spriocdhírithe (bileog)

Reactivate - Scéim soghluaisteachta spriocdhírithe (treoirleabhar)

 

Léigh tuilleadh:

Aimsigh Comhairleoir EURES

Dálaí oibre agus maireachtála i dtíortha EURES

Bunachar Sonraí Post EURES

Seirbhísí EURES le haghaidh fostóirí

Féilire Imeachtaí EURES

Imeachtaí ar Líne a bheidh ar siúl go luath

EURES ar Facebook

EURES ar Twitter

EURES ar LinkedIn

EURES ar Google+

Ábhair
  • Gnó / Fiontraíocht
  • Leideanna agus Moltaí
  • Treochtaí earcaíochta
  • Óige
Cuid(eanna) gaolmhara
Earnáil
  • Accomodation and food service activities
  • Activities of extraterritorial organisations and bodies
  • Activities of households as employers, undifferentiated goods- and services
  • Administrative and support service activities
  • Agriculture, forestry and fishing
  • Arts, entertainment and recreation
  • Construction
  • Education
  • Electricity, gas, steam and air conditioning supply
  • Financial and insurance activities
  • Human health and social work activities
  • Information and communication
  • Manufacturing
  • Mining and quarrying
  • Other service activities
  • Professional, scientific and technical activities
  • Public administration and defence; compulsory social security
  • Real estate activities
  • Transportation and storage
  • Water supply, sewerage, waste management and remediation activities
  • Wholesale and retail trade; repair of motor vehicles and motorcycles

Séanadh

Tá sé mar aidhm ag na hailt faisnéis a sholáthar d’úsáideoirí na tairsí EURES ar ábhair agus treochtaí reatha agus chun plé agus díospóireacht a spreagadh. Ní gá go léiríonn a n-ábhar dearcadh an Údaráis Eorpaigh Saothair (ELA) nó an Choimisiúin Eorpaigh. Ina theannta sin, ní fhormhuiníonn EURES agus ELA na suíomhanna gréasáin tríú páirtí a luaitear thuas.